Is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a bunaíodh in 1993. Cuireann muid seirbhís raidió Ghaeilge ar fáil do Bhaile Átha Cliath ar 106.4 FM agus do dhaoine ar fud an domhain ar raidionalife.ie le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Fuair an Comharchumann ceadúnas sealadach coicíse le bheith ag craoladh le linn Féile an Oireachtais i mí Dheireadh Fómhair 1991 agus d’éirigh go hiontach leis. Géaraíodh ar na hiarrachtaí ina dhiaidh chun ceadúnas fadtéarmach a bhaint amach. I mí na Nollag 1992, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé i gceist acu ceadúnas a bhronnadh le haghaidh seirbhís raidió Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Chuir an Comharchumann isteach ar an gceadúnas seo agus d’éirigh leis an iarracht. Chuaigh Raidió na Life ar an aer ar an 25ú Meán Fómhair 1993 agus tá sé ag craoladh beo ó shin. Tá an stáisiúin lonnaithe in áras Fhoras na Gaeilge ag 7 Cearnóg Mhuirfean.
Tá taithí chraoltóireachta faighte ag na mílte ball de phobal mhórcheantar Átha Cliath sa stáisiún agus tá an-chuid acu anois i mbun gairmeacha proifisiúnta sa réimse sin.
Sa bhliain 2017, d’fhág Raidió na Life slán leis an stiúideo i gCearnóg Mhuirfean agus bhog an stáisiún trasna na Life chuig stiúideo nua ar 63-66 Sráid Amiens.